Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Eagna 1 - An Bíobla Naofa 1981


A Ghiúdacha Lorgaigí an Fhíréantacht, Foinse na Neamhbhásmhaireachta

1 A rialtóirí an domhain, bíodh grá agaibh don fhíréantacht; bíodh an-mheas agaibh freisin ar an Tiarna agus lorgaigí é le hintinn ghlan.

2 Óir is iad na daoine nach mbaineann triail as a fhaigheann é; taispeánann sé é féin do na daoine nach ndiúltaíonn creidiúint ann.

3 Is iad na smaointe mímhacánta a scarann an duine ó Dhia; agus nuair a chuirtear féachaint ar a Uilechumhacht bascann sí lucht na díchéille.

4 Óir ní rachaidh an eagna isteach in anam cealgach, ná ní dhéanfaidh sí cónaí i gcorp atá faoi dhaorbhroid an pheaca.

5 Teitheann spiorad naofa na dea-oiliúna ón gcamastaíl, agus tugann sé a chúl le smaointe gan chiall, agus baintear siar as le teacht na hurchóide.

6 Spiorad daonnachtúil is ea an eagna ach ní mhaithfidh sé a bhriathra don diamhaslóir. Óir tá Dia ina fhinné ar na mianta is doimhne atá ann, agus breathnaíonn sé a chroí go fírinneach agus éisteann sé lena chuid cainte.

7 Mar tá Spiorad an Tiarna tar éis an domhan go léir a líonadh; agus is eol dó siúd a choinníonn gach ní le chéile an uile fhocal a labhraítear.

8 Ar an ábhar sin ní fhanfaidh duine ar bith i bhfolach a labhraíonn go héagórach, agus nuair a thabharfaidh an chóir breithiúnas, ní scaoilfidh sí thairsti é.

9 Cuirfear fiafraí ghéar ar sheifteanna an duine aindiaga agus tabharfar tuairisc do Dhia ar a bhriathra chun go smachtófar é de dheasca a choireanna.

10 Óir tá cluais chruinnaireach ag éisteacht le gach uile ní agus níl cogarnaíl chnáimhseála ar bith a fhágfar faoi cheilt.

11 Seachnaígí cnáimhseáil éadairbheach; coinnigí bhur dteanga ón mbéadán; óir an chaint a dhéantar faoi choim ní rachaidh sí saor ó phionós, agus milleann béal bréagach an t‑anam.

12 Ná cuir thú féin i mbaol báis trí dhul ar seachrán ó bhealach na beatha; ná tarraing léirscrios anuas ort féin le do mhíghníomhartha.

13 Mar níorbh é Dia a rinne an bás, ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo.

14 Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rud chun go mairfeadh sé go deo. Is folláin iad dúile an domhain; níl aon nimh mharfach iontu, ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh.

15 Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht.


Drochdhaoine agus an Bás

16 Ach ghlaoigh daoine aindiaga an bás chucu lena ngníomhartha agus lena mbriathra araon. Cheap siad gurbh é a gcara é agus bhíodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh; rinne siad conradh leis, ar is iad atá oiriúnach le bheith i bpáirt leis.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí