1 Samúéil INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981Leabhair Shamúéil Brollach Aon leabhar amháin ab ea dhá leabhar Shamúéil go bunúsach sa Bhíobla Eabhraise. Roinneadh an leabhar sin ina dhá chuid nuair a aistríodh go Gréigis é sa tríú haois roimh Chríost ar mhaithe leis na Giúdaigh san Éigipt a labhraíodh Gréigis. Sa leagan Gréigise, sa Seachtód is é sin, tugtar Céad agus Dara Leabhar na Ríochtaí ar 1 agus 2 Samúéil, agus 3 agus 4 Leabhar na Ríochtaí ar an dá leabhar a leanann iad. Taispeánann na hainmneacha Gréigise sin gur aonad iad na ceithre leabhair seo dáiríre, agus go dtugann siad pictiúr fairsing dúinn den ríocht agus dá stair ar feadh cúig céad bliain óna túsú le Sól, an chéad rí, go dtí a críoch nuair a scaoileadh an cime Iahóiáicín, rí Iúdá, as a ghéibheann in 561 R.Ch. Saoirse á tabhairt don rí seo an t‑imeacht deireanach a croiniceadh in 2 Ríthe. Rinneadh an t‑eagrú deiridh ar ábhar na gceithre leabhar tar éis 561 R.Ch. dá bhrí sin. Sé an téacs is ársa do chuid de leabhair Shamúéil ná blúirí beaga de Scrollaí Cumran (a fuarthas in 1947). An téacs bearnach seo is gaolmhaire é ar shlite le téacs an tSeachtóid ná le téacs na Masórach. Nuair a chasaimid ó Leabhar na mBreithiúna go Leabhair Shamúéil, braithimid go bhfuil athrú mór ag dul ar Iosrael. Tá riail na dtaoiseach treibhe nó na mbreithiúna ag dul ar ceal, agus tá riail an aon duine amháin á cur i bhfeidhm ar Iosrael go léir. Léimid faoi Shól, céad rí Iosrael, agus a chomharba Dáiví rí. Níor chóir a mheas go bhfuil dearcadh seasmhach leanúnach ar an ríogacht á chur i láthair ag Leabhair Shamúéil. Mar a tharlaíonn, tá dhá bhreith dhifriúla faoin ríogacht á gcur i láthair in 1 Samúéil. De réir aon fhoinse amháin, dearmad glan ab ea bunú na ríochta (cf. 8:10-22), agus bhí sé bunoscionn glan le flaitheas an Tiarna ar a mhuintir. De réir fhoinse eile, tabhartas ó Dhia é lena phobal a chaomhnú agus a fhuascailt ó lámha na bhFilistíneach, agus cuirtear Dáiví i láthair mar rí idéalach d'ainneoin a lagaíochta agus a lochtanna. Sé an dara dearcadh is mó atá le fáil in 2 Samúéil, leabhar a phléann ar fad le réim Dháiví. Tá dhá thuairisc dhifriúla freisin ar sheasamh Shamúéil. I gceann díobh (1 Sam. 11:15), níl ann ach físí áitiúil nach aithnid do Shól, ach sa cheann eile (8:4) is é ceannaire aitheanta treibheanna Iosrael go léir é. An tÁbhar Chonaiceamar gur cuid iad na ceithre leabhair ar an ríocht, d'aonad níos fairsinge fós a shíneann ó Iósua go 2 Ríthe .i. ón ngabháil go titim Iarúsailéim. Sa réimse mhór sin de stair Iosrael is é gnó a dhéanann dhá leabhar Shamúéil ná cur síos ar bhunú na ríochta. Nochtar dúinn gur theip an chéad rí, Sól, agus gur rith le Dáiví. Tugann 1 Samúéil, mar atá sé, cuntas ar an bhfáidh Samúéil (cc. 1-25), ar Shól (cc. 9-31), agus ar thosach scéal Dháiví (16-31). Ach ó c. 16 ar aghaidh is ar Dháiví atá aird dáiríre agus is é amháin atá i gceist in 2 Samúéil. Is féidir ábhar an dá leabhar a choimriú mar leanas. (a) 1 Sam. cc. 1-7. Insítear scéal bhreith an fháidh, Samúéil, dhá bhua ar Iosrael ag na Filistínigh, gabháil Áirc an Chonartha acu agus a fáil ar ais, agus ansin bua á fháil ar na Filistínigh. (b) 1 Sam. cc. 8-15. Éilíonn an pobal rí ar an Tiarna, agus ghéill sé don éileamh. Ungadh Sól faoi choim ina rí. Toghtar é go poiblí le cabhair crann, agus faigheann sé aitheantas dá bhuanna ó Dhia de bharr a ndearna sé le Iáibéis Gileád a fhuascailt. Is ar éigean, ámh, a bhí Sól dulta i mbun feachtais in aghaidh na bhFilistíneach nuair a d'fhógair Samúéil go raibh droim láimhe tugtha ag an Tiarna leis de bharr a easumhlaíochta. (c) 1 Sam. cc. 16-31. Ungtar Dáiví ina rí faoi cheilt. Glactar leis i measc ghardaí Shóil, agus caitheann Dáiví teitheadh lena anam uaidh; faigheann sé tearmann ó na Filistínigh. Briseann na Filistínigh ar Shól ar Shliabh Ghiolboa agus faigheann sé féin agus Iónátán, cara dílis do Dháiví, bás. Caoineann Dáiví iad araon i laoi choscrach (2 Sam. 1:19-27). (d) 2 Sam. cc. 1-8. D'fhan an tír roinnte idir Dáiví agus Ís Bál mac Shóil tamall tar éis bháis Shóil. Ach dúnmharaíodh Ís Bál agus thosaigh réimeas fada Dháiví (1000-961 R.Ch.) mar rí ar Iosrael. Bhí sí i gcoróin i Heabrón ar feadh seacht mbliana; rinne sé a phríomhchathair de Iarúsailéim tar éis í a ghabháil ó na Iabúsaigh; rinne sé lárionad creidimh Iosrael chomh maith di nuair a thug sé áirc an chonartha isteach ina phríomhchathair nua. Tá faisnéis thábhachtach sa roinn seo faoi stair an chultais in Iosrael. Tosaíonn leabhair Shamúéil ag scrín ársa Sileo (baile timpeall fiche míle ó thuaidh ó Iarusailéim) mar a dearna an sagart Éilí agus a chlann mhac fónamh. Feicimid ámh, Dáiví ag bunú lárionad nua cultais – Iarúsailéim, agus sliocht nua sagart – sliocht Zádóc i Iarúsailéim; é seo anois an lárionad creidimh agus rialtais ag ríocht aontaithe Dháiví. (e) 2 Sam. cc. 9-20. Insítear príomhimeachtaí réimeas Dháiví sa ré seo. Bhí sé lách cneasta go háirithe le Meirí Bál mac Iónátán. Bhí cogadh fada in aghaidh Amón lastoir den Iordáin (soir ó thuaidh ón Mhuir Mharbh). Lena linn a rinne Dáiví coir an adhaltranais le Baitseaba, bean chéile sciamhach Úiríá, oifigeach dá chuid féin; ansin rinne sé ceilg le hÚiríá féin a bhású. I ndeireadh a shaoil chaill Dáiví smacht ar imeachtaí na ríochta, agus ar imeachtaí a theaghlaigh féin. Rinne a mhac Aibseálóm ceannairc ina aghaidh, ach maraíodh é. Rinne Seaba ceannairc ina dhiaidh ach cloíodh é. Leantar in 1 Ríthe cc. 1-2 leis an gcur síos ar na trioblóidí go léir a tháinig sa mhullach ar Dháiví i ndeireadh a ré. Rinne Adoiníá iarracht ar an gcoróin a bhaint amach, ach theip air agus faoi dheireadh fágadh “an ríocht go daingean i lámha Sholaimh” (1 Ríthe 2:16); ba é sin an sprioc ar a raibh an cuntas go léir dírithe go dtí sin. Is minic a thugtar Doiciméad na Comharbachta, nó Stair na Cúirte, ar an gcuid seo (2 Sam. cc. 9-20, 1 Ríthe cc. 1-2) mar go dtráchtann sé sa chuid is mó de thar an gcaimiléireacht go léir a bhain le comharbacht Dháiví. Is cosúil gur finné a scríobh é luath go leor tar éis bháis Dháiví. Ábhar iontais is ea nár cheil sé lochtanna Dháiví i gcás a adhaltranais ná a pheataíochta lena chlann. Tá, mar a dúradh, the factual accuracy of contemporary chronicle ag baint leis an doiciméad seo agus is é an sampla is luaithe dá shórt é sa Sean-Tiomna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart