Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981

1

Leabhair na Ríthe
Brollach
Dála Leabhair Shamúéil, aon leabhar amháin is ea Leabhair 1 agus 2 na Ríthe sa Bhíobla Eabhraise. Is féidir an t‑ábhar iontu a choimriú mar leanas.
(a) 1 Ríthe cc. 1-2. Tráchtann an chuid seo thar dheireadh saoil Dháiví agus baineann sé le Doiciméad na Comharbachta (2 Sam. cc. 9-20 – 1 Ríthe cc. 1-2) faoi mar atá ráite sa bhrollach le Leabhair Shamúéil. Rinne Adoiníá iarracht ar an gcoróin a bhaint amach dó féin, ach níor éirigh leis. Tháinig Solamh mac Bhaitseaba i gcomharbacht dhaingean ar Dháiví. Bhí réimeas fada ag Dáiví – seacht mbliana i Heabrón agus ansin trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim. Ba é réimeas Dháiví ré ghlórmhar Iosrael ag glúine uile na nEabhrach as sin amach.
(b) 1 Ríthe cc. 3-11. Tá formhór an chuntais ar réimeas Sholaimh (961-922 R.Ch.) ag plé le tógáil an Teampaill in Iarúsailéim; gan ach tagairtí maola dá lochtanna (c. 11). Bhí réimeas Sholaimh bunaithe ar an gcloch bhoinn dhaingean a leag a athair. Murab ionann agus Dáiví, ba mhó a spéis i gcúrsaí taidhleoireachta agus trádála ná i gcúrsaí cogaidh. Dhaingnigh sé cairdeas leis an Éigipt nuair a phós sé iníon Fhorainn; thug sise cathair Gheizir mar spré léi. De bharr an chonartha a rinne sé le Híorám rí na Tuíre, bhí tarraingt aige ar adhmad céadrais ón Liobáin dá scéimeanna tógála. I gcúrsaí míleata ba é a aidhm greim a choimeád ar a bhfuair sé mar oidhreacht ó Dháiví, agus cathracha áirithe a dhaingniú – Hazór sa tuaisceart, Migideo ar an mbealach trí shliabhraon Chairmeil, agus Geizir sa deisceart. Molann seandálaithe an tsaoirseacht bhreá chloiche ag geataí na dtrí cathracha sin. Bhunaigh Solamh fórsa carbadra de 1,400 carbad; bhí loingeas mór trádála aige i murascaill Aqaba (mar a thugtar inniu ar an gcuid sin den Mhuir Dhearg); agus bhí trádáil charbhán thar tír aige leis an Aráib. Ní aon ionadh gur chuaigh glóir a réimis i bhfeidhm ar ríthe agus ar bhanríona ón iasacht mar bhanríon Sheaba (san Aráib thiartheas is dócha).
Ach d'ainneoin ghlóir a ríochta theip ar Sholamh. Ghoill a éileamh ag lorg daor dá bheartais tógála go mór ar an bpobal. Ach i súile eagarthóirí an leabhair, arbh é an creideamh a mórspéis, ba é an feall is mó a rinne sé ná gur thug sé ómós do dhéithe iasachta – d'Aisteárót na Síodónach, do Chamóis na Móábach, agus do Mhiolcom na nAmónach (1 Ríthe 11:33). Beag an baol ná go gcuirfeadh an scoil dheotranaimeach diagachta a bhí i mbun eagrú stair na ríochta, an deighilt thubaisteach, a rinneadh ar an ríocht tar éis bháis do Sholaimh, i leith a mhídhílseachta don Tiarna.
Ní féidir a shéanadh ámh gur rí mór tábhachtach é Solamh. Bhí a ghaois i mbéal an phobail riamh ina dhiaidh. Sheas an teampall álainn a thóg sé don Tiarna ceithre chéad bliain (gur scrios na Bablónaigh é in 587 R.Ch.) agus bhí sé mar nasc idir creideamh agus polaitíocht agus idir adhradh an Tiarna agus ríshliocht Dháiví. Bhain sé feidhm as na saoir ab oilte a bhí ar fáil do thógáil an Teampaill – Féinícigh. Thógadar é ar phlean Féiníceach mar is léir ó thaighde na seandálaithe ar theampaill mar é sa tSír agus sa Phailistín. Foirgneamh dronuilleogach ab ea teampall Sholaimh agus a aghaidh soir. Bhí sé roinnte ina thrí seomraí – an póirse, an sanctóir, agus an áit shárnaofa. Foirgneamh beag ab ea é de réir ár gcaighdeán-na – céad go leith troigh ar fad, tríocha troigh ar leithead, agus daichead cúig troigh ar airde. Cearnóg tríocha troigh ab ea an áit shárnaofa agus is ann a bhí áirc an chonartha. Bhí sé cumhdaithe le hór dearg agus an tslí isteach ann clúdaithe ag brat.
Foirgneamh nach raibh rómhór ab ea an Teampall dá bhrí sin agus ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh an pobal faoina dhíon; d'fhanadh an pobal lasmuigh den sanctóir i gcónaí. Bhí altóir an uileloiscthe amuigh faoin aer lastoir den phóirse. Adhmad céadrais a d'úsáid Solamh ag maisiú an Teampaill laistigh. “Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad” (1 Ríthe 6:18). Thóg Solamh chomh maith pálás ríoga, Teach Fhoraois na Liobáine, a bhí níos mó ná an Teampall; agus an colúnra, agus Halla an Bhreithiúnais. Bhí na foirgnimh seo lastuaidh den chathair bhunaidh a ghabh Dáiví ó na Iabúsaigh. Chuir Solamh breis mhór leis an gcathair dá bhrí sin, agus bhí tábhacht mhór chreidimh léi as seo amach mar gur aontaíodh tríthi dílseacht ársa na dtreibheanna, arbh í an áirc a siombail, agus glóir na ríochta arbh é an Teampall a croílár. Bhí réimeas fada ag Solamh ar Iosrael go léir. Tháinig a mhac Rachabám i gcomharbacht air (1 Ríthe 11:43). Ach bhuail an tubaiste an ríocht gan mhoill.
(c) 1 Ríthe c. 12 – 2 Ríthe c. 17. Sa roinn seo insítear stair na Ríochta Deighilte ó bhás Sholaimh go titim na Samáire (922-721 R.Ch.).
Scoilteadh ríocht Sholaimh díreach tar éis a bháis. Tháinig a mhac Rachabám i gcomharbacht air i Iarúsailéim, ach scar na deich dtreibheanna thuaidh óna fhlaitheas agus bhunaigh siad ríocht ar leith sa tuaisceart. Insítear scéal an dá ríocht as seo amach, ar bhonn sioncrónach, go scrios ríocht an tuaiscirt. Ní raibh prionsabal chomharbacht an ríshleachta bunaithe fós in Iosrael. Uime sin níor bhraith treibheanna an tuaiscirt go raibh ceangal orthu glacadh gan cheist le mac Sholaimh. Sin é an fáth ar imigh Rachabám leis ó thuaidh go Seicim, an chathair ba mhó sna hardáin lastuaidh de Iarúsailéim tar éis dó teacht i gcoróin i Iúdá. Is i Seicim a chuir Iósua tionól ar na treibheanna tar éis na gabhála. Bhí Rachabám ag súil go bhfógrófaí ina rí é sa tuaisceart chomh maith. D'éiligh an comhthionól i Seicim, ámh, mar réamhchoinníoll le haitheantas a thabhairt dó, scor den saothar éigeantach a d'éiligh Solamh. Dhiúltaigh Rachabám d'ainneoin comhairle críonna na sinsear. Ansin de bharr a cheanndáine dhiúltaigh treibheanna an tuaiscirt géillsine dó, agus fógraíodh rí nua orthu – Iarobám ó Eafráim an treibh ba thábhachtaí ina measc. Bhunaigh Iarobám a chúirt i Seicim agus chuir sé suas dhá lao óir, ceann i scrín Bhéitéil, agus ceann i nDán; bhí a phobal le hiad a adhradh in ionad dul suas go Iarúsailéim ag adhradh.
Sin mar a thosaigh Ríocht an Tuaiscirt ar a dtugtaí Iosrael as sin amach (i gcodarsnacht le Iúdá theas). Mhair sí gur scrios an Asaír í in 721 R.Ch. Tugtar anois an réim ríora in Iosrael agus in Iúdá. Déantar sioncronú ar an liosta le tús réime rí amháin a dhátú de réir bhliain réimis rí na ríochta eile. Tugtar breith ar gach rí ach ní chuirtear sa mheá na héachtaí polaitiúla ná eacnamaíochta a rinne gach rí, ach a dhearcadh i leith chultas poiblí an Tiarna agus a dhíograis ina leith. De réir an chaighdeáin sin daortar gach rí ar Iosrael ach aon duine amháin – Sealúm agus níor mhair a réim sin ach mí. Ach ag cur síos ar ríthe Iúdá, tá malairt scéil ag na húdair. Molann siad Hiziciá (716-687 R.Ch.) agus Ióisíá (640-609 R.Ch.) go hard. Chuir an dá rí seo leasuithe creidimh i bhfeidhm agus chuireadar na scrínte lasmuigh de Iarúsailéim faoi chois. Cáintear ríthe eile Iúdá go léir seachas an bheirt seo.
Is iad diagairí na scoile deotranaimí a chuir an caighdeán meastacháin seo na dílse don aon chultas i bhfeidhm agus stair an dá ríocht á heagrú acu. Dá bharrsan fágtar ar lár a lán imeachtaí a raibh tábhacht mhór pholaitiúil nó shóisialta leo. Níl ach sé véarsa, abair, faoin rí Omraí (876-869 R.Ch.) a thóg cathair ríoga na Samáire, príomhchathair ríocht Iosrael, agus a ghabh críocha Mhóáb taobh thoir den Iordáin (1 Ríthe 16:23-28).
Murab ionann agus Iúdá, athraítí ríshleachta go minic, go tobann, agus go fuilteach in Iosrael. Níor tháinig ríshliocht leanúnach buan ar an bhfód thuaidh. Ach lean ríshliocht Dháiví daingean buan in Iúdá go dtí scrios na ríochta (587 R.Ch.). Mar an gcéanna leis an lárionad rialtais; bhí sé in Iarúsailéim go deireadh; i gcás Iosrael aistríodh é ó Sheicim go Tirzeá agus as sin chun na Samáire.
Scéal brónach é scéal ríocht Iosrael. Bhí Omraí (876-869) i réim sé bliana lena ríchathaoir i dTirzeá; ansin cheannaigh sé sliabh ó Sheimir agus thóg a phríomhchathair ansiúd agus thug an tSamáir uirthi. Deirtear faoi: “Rinne Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna” (1 Ríthe 16:25). Ach tá a fhios againn ó Lia Mhóáb (atá anois sa Louvre i bPáras) go ndearna Omraí ionradh caithréimeach ar Mhóáb. Tháinig a mhac Acháb (869-850 R.Ch.) i gcomharbacht air. De réir annála na nAsaíreach bhí seisean páirteach i gcath mór Qarqar ar an Orontaes (853 R.Ch.) le 2,000 cairbtheach. Níl aon tagairt dó sin sa Bhíobla, ach tá a lán cáineadh ann ar a bhanríon Ízeibil. Banphrionsa ón Tuír ab ea í seo agus nuair a phós sí Acháb, ceadaíodh di a creideamh Canánach féin a chleachtadh. Ní amháin gur thóg sí teampall do Bhál Malqart sa tSamáir, ach chrom sí ar a chultas a bhrú chun cinn, i dtreo go raibh an pobal “ag bacadradh” ó chois go cois eile le malairt tuairimí mar a dúirt an fáidh lasánta Éilias (1 Ríthe 18:21). Mar fhreagra ar an gcultas iasachta a bheith á bhrú ar aghaidh, díothaíodh Acháb agus a theaghlach go léir scun scan sa coup d'etat a rinne Iéahú in 842 R.Ch. (2 Ríthe 9–10). Bhí tréimhse eile conáigh ag Iosrael le linn Iarobám II (786-746 R.Ch.). Ach cheana féin bhí scamall ag bagairt. Bhí impireacht na hAsaíre ag teacht chun cinn agus ba í sin an ollchumhacht a chuir Iosrael dá threoir. Ba é an rí Hóiseá a bhí i gcoróin (2 Ríthe 17) nuair a scriosadh an tSamáir (721 R.Ch.) tar éis léigir a mhair dhá bhliain. Scriosadh pálás an rí agus na hornáidí eabhair a bhí ann agus tugadh 27,000 saoránach chun siúil agus níor fhilleadar go brách. Rinne cúige Asaíreach den tSamáir agus tháinig na sluaite ón iasacht le cur fúthu mar chóilínigh sa dúiche agus rinneadar pósadh agus cleamhnas lena raibh fágtha de na hIosraelaigh; uathusan a shíolraigh na Samáraigh a bhí suas le linn ár dTiarna.
Tá an t‑aonad mór fáidhiúil 1 Ríthe 17 – 2 Ríthe 9 ceangailte go dlúth le scéal brónach ríocht an tuaiscirt. Cháin na fáithe Éilias agus Eilíseá beartais na rialtóirí ó thalamh. Sheas Éilias an fód in aghaidh an rí Acháb; agus a dheisceabal, Eilíseá, an fód in aghaidh Ízeibil tar éis bháis Acháb. Dealraíonn sé gur ó bhéaloideas a lucht leanúna a thagann na scéalta faoi na fáithe seo anuas chugainn; níor scríobh na fáithe seo a n‑oracail mar a rinne Amós, Hóisé agus a leithéid níos déanaí. Tá blas an bhéaloidis dá réir sin ar na heachtraí a insítear fúthu; ní stair faoi chosantóirí seo chreidimh an Tiarna a fhaighimid anseo ach sracfhéachaint ar laochas a ndeisceabal astu. Ní foláir aird ar leith a thabhairt ar phrionsabal moráltachta a d'fhógair Éilias – go bhfuil an rí faoi riail an dlí (cf. Fíonghort Nábót 1 Ríthe 21).
(d) 2 Ríthe cc. 18-25. Bhí na hAsaírigh a scrios Iosrael ag bagairt ar Iúdá chomh maith. Ach níor scriosadh Iúdá mar go raibh sé de chiall ag Áchaz (735-715 R.Ch.) gan páirt a ghlacadh sa chonradh in aghaidh na nAsaíreach. Tháinig Iúdá faoi scáth na hAsaíre, ámh, agus chaitheadar cáin throm a dhíol léi. Tá tábhacht leis an sliocht 2 Ríthe 16:10-18 mar go nochtann sé conas a fuair creideamh na hAsaíre bheith istigh i gcroílár an Ghiúdachais. Nuair a chuaigh an rí Áchaz go dtí an Damaisc go Tigleat Pileisir, impire na hAsaíre, chonaic sé an altóir phágánach a bhí ansiúd, agus chuir sé a tomhas agus cuspa di ar ais go hÚiriá an sagart in Iarúsailéim a thóg altóir nua ar an múnla sin agus a chuir suas sa Teampall í. Sé an chiall a bhaineann a lán scoláirí as a ndearna Áchaz ná gurb é seo an t‑íochtarán ag tabhairt aitheantais do dhéithe an uachtaráin, agus Áchaz dá réir sin ag tréigean chreideamh an Tiarna. Níl aon leid faoina leithéid sin sa téacs féin, ná i gcáipéisí na nAsaíreach. Stíl nua altórach a bhí i gceist; níor tugadh isteach aon íola. Cuirtear i leith Áchaz, áfach (2 Ríthe 16:3 et seqq.), gur thug sé cead a chinn don phágánachas dúchais. Cuireann an fáidh Íseáia, a bhí comhaimseartha leis, an rud céanna ina leith (Ís. 2:6-8). Cuirtear ina leith fiú gur íobair sé a mhac féin, gur “chuir sé tríd an tine é”.
Ní raibh an scéal mar sin ag mac Áchaz, Hiziciá, a tháinig i réim ina dhiaidh (715-687 R.Ch.). Chuir sé dlús le leasú creidimh; chuir sé íola agus a leithéid chun siúil (an nathair nimhe chré-umha, an Nachuisteán mar shampla a bhí á adhradh sa Teampall; 2 Ríthe 18:4). Molann na heagarthóirí deotranaimeacha é go hard, “chloígh sé go dílis leis an Tiarna”. Rinne sé iarracht ar an muintir a bhí fágtha in Iosrael thuaidh a athaontú le Iúdá agus a thabhairt ar ais go creideamh an Tiarna le súil go mbeadh an t‑aontas creidimh ina bhonn d'aontas polaitiúil. Níor éirigh lena iarracht.
Tháinig rí nua, Sanaichéiríb i gcoróin san Asaír in 704. Thapaigh an rí Hiziciá, agus a lán géillsineach eile leis an Asaír, ar an deis agus rinneadar conradh le chéile agus d'éiríodar amach ina coinne. Thug an fáidh Íseáia rabhadh do Hiziciá faoin gconradh, ach chuaigh an rí ar aghaidh leis. Ba é toradh a bhí air ná gur scriosadh Iúdá geall leis. In 701 R.Ch. ghabh arm Shanaichéiríb sé chathair agus daichead de chuid Iúdá agus dhíbir a lucht áitribh chun fáin; bhí Hiziciá féin faoi léigear in Iarúsailéim “mar éan i ngaiste”. Chuir sé faoi deara tollán a ghearradh ó Thobar Gíohón atá lasmuigh do bhallaí Iarúsailéim isteach go Linn Siolóám atá laistigh díobh. Níor gabhadh an chathair ach cuireadh coinníollacha diana síochána i bhfeidhm ar Hiziciá (2 Ríthe 18:14).
(e) 2 Ríthe cc. 22-24. Céad bliain go díreach atá ó bhás Hiziciá (687) go dtí scrios Ríocht an Deiscirt, Iúdá (587). Tháinig a mhac Manaise (687-642 R.Ch.) i gcomharbacht ar Hiziciá; lean Amón eisean (642-640 R.Ch.). Drochríthe iadsan, ach lean an rí cráifeach Ióisíá iad (640-609 R.Ch.). Chuir seisean leasú mór creidimh i bhfeidhm. Nuair a bhí an Teampall á dheisiú i 622 R.Ch. fuarthas cóip de “leabhar an dlí” .i. dlí Mhaois. Leagan de Leabhar Dheotranaimí mar is eol dúinne inniu é a bhí i gceist. Bunaíodh leasú Ióisíá ar theagasc an leabhair sin: scriosadh an Teampall i mBéitéil; cuireadh deireadh leis na scrínte go léir lasmuigh de Iarúsailéim; aontaíodh an cultas go léir in Iarúsailéim agus aontaíodh na sagairt faoin tuath le sagairt an Teampaill. Mhol an fáidh Irimia, a bhí suas lena linn, Ióisíá mar go ndearna sé “breith i gcás an bhochtáin agus an ghátaraigh”. Maidir le polaitíocht, dealraíonn sé gur theastaigh ó Ióisíá smacht a fháil arís ar an tuaisceart; b'fhéidir gur thapaigh sé ar an bhfaill nuair a bhí an Asaír lag agus gur ghabh sé an tSamáir agus Migideo. Is ag Migideo a maraíodh é in 609 R.Ch. Rinne sé iarracht, ar chúis éigin nach eol dúinn, ar chosc a chur leis an bhForann Neaco II agus é ar a shlí chun an Eofrataes; maraíodh é san iarracht. Ba é toradh a bhí ar bheart baoth (?) sin Ióisíá nár gur chaill Iúdá a neamhspleáchas, gur chaith sí géilleadh don Éigipt agus cáin a dhíol thar ceann gach saoránaigh. Ach faoin am seo bhí ollchumhacht eile ag teacht chun cinn – an Bhablóin; bhí an impireacht seo ag leathnú siar. In 605 R.Ch. bhris an Bhablóin cath mór ar na hÉigiptigh ag Cairceimis. Bhí rith an ráis leo ansin. Ghéill Iarúsailéim dóibh in 598 R.Ch. Díbríodh rí óg Iúdá, Iahóiácaín, agus a lán dá fheidhmeannaigh go dtí an Bhablóin. Buaileadh an buille deiridh deich mbliana níos déanaí; d'éirigh muintir na cathrach amach in aghaidh na Bablóine; brúdh faoi chois iad; scriosadh Teampall álainn Sholaimh agus an chathair ar fad (587 R.Ch.). Cuireadh deireadh le réimeas ríshliocht Dháiví.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí