Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.
Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.
Agus do‐chuala Ioruath an rí ’n‐a thaobh sin; óir do bhí a ainm d’á luadh: agus adubhairt sé, Atá Eoin Baiste éirighthe ó na marbhaibh, agus, d’á bhrigh sin, atá na cumhachta so ag oibriú ann.
Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair.
Óir atá eolas ag an righ, go bhfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neithibh seo; óir ní mheasaim go bhfuil éinnidh díobh so fá cheilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneadh é.