Ná dearbhuigh dar do cheann, mar ní fhuil ar chumas duit ribe dhe do dhéanamh geal ná dubh.
Matha 6:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cia agaibh d’fhéadfadh, le méid a imnidhe, bannlámh amháin do chur le n‐a aoirde féin? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé agaibh a dʼfhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? An Bíobla Naofa 1981 Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? |
Ná dearbhuigh dar do cheann, mar ní fhuil ar chumas duit ribe dhe do dhéanamh geal ná dubh.
D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach?
Agus cad chuige dhaoibh imnidhe bheith oraibh i dtaobh éadaigh? Breathnuighidh lilí an bháin, cionnas fhásas siad; ní dhéanaid saothar, agus ní dhéanaid sníomh:
Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn?
D’á bhrigh sin, ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh an lae amárach: óir béidh a chúram féin ar an lá amárach. Ní beag do’n lá a chion féin de’n olc.
Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:
Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh:
Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh.
Acht is amhlaidh do chuir Dia na baill san gcorp, gach ball díobh do réir a thola féin.
Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais.