Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.
Matha 28:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, Abraidh‐se, Tháinig a dheisceabail fá scáth na h‐oidhche, agus do ghoideadar é, nuair do bhío mairne ’n‐ár gcodladh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dúirt, “Insígí do dhaoine gur tháinig a dheisceabailsean san oíche nuair a bhí sibhse in bhur gcodladh agus gur ardaigh siad leo é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Abraigidh go dtáinic a dheisciobail san oidhche, agus gur ghoid siad é, nuair a bhí sinne i n-ár gcodladh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Abruidh, Tangadar a dheisciobuil annsa noidhche, agus do ghoideadar é an feadh do bhámuirne ar gcodladh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar leó: Abraidh, táinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus dʼfhuadaigh siad é.’ An Bíobla Naofa 1981 ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus d'fhuadaigh siad é.’ |
Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.
Agus nuair do chruinnigh siad le chéile i bhfochair na seanóir, agus do ghlacadar cómhairle le chéile, thugadar mórán airgid do na saighdiúiribh,
Agus má chluineann an riaghaltóir ’n‐a thaobh, labharfaimíd‐ne leis, agus cuirfimíd slán ó bhaoghal sibh‐se.