Matha 27:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ó’n sémhadh h‐uair do leath dorchadas ar an tír go léir go dtí an naomhadh h‐uair. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois ón séú huair bhí dorchadas ar fud na tíre go dtí an naoú huair, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí dorchadas thar iomlán an domhain ó’n seiseadh h-uair go dtí an naomhadh h-uair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair go sóithe an náomhadh húair. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ó’n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. An Bíobla Naofa 1981 Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. |
Agus bhí Peadar agus Eoin ag dul suas isteach san teampall, uair an urnaighe, timcheall na naomhadh h‐uaire.
Agus do shéid an ceathramhadh h‐aingeal, agus do buaileadh an treas cuid de’n ghréin, agus an treas cuid de’n ghealaigh, agus an treas cuid de na réaltanaibh; chum go n‐éireochadh an treas cuid díobh dorcha, agus go gcaillfeadh an lá an treas cuid d’á sholas, agus an oidhche mar an gcéadna.
agus tugadh dhó eochair puill an duibheagáin. Agus d’fhoscail sé poll an duibheagáin; agus d’éirigh deatach ó’n bpoll, mar dheatach fóirnéise móire; agus do dhorchuigh an ghrian agus an t‐aer le deatach an phuill.