Matha 23:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin, an té dhearbhuigheas dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir, agus dar a bhfuil uirthi. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, an té a mhionnuigheás dar an altóir, mionnuigheann sé dar í, agus dár gach nídh dá bhfuil uirthí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin gidh bé bheir a naltóir mar mhionna, do bheir sé í féin, agus gach ní dhá bhfuil uirrthe mar mhionna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’á bhrígh sin, an t-é dearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi. An Bíobla Naofa 1981 Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi. |
Agus an té dhearbhuigheas dar an teampall, dearbhuigheann sé dar an teampall, agus dar an té chómhnuigheas ann.
Óir dearbhuigheann daoine ar an té atá níos mó ’ná iad féin, agus cuireann an dearbhú deireadh le gach conspóid bhíos eadortha.