Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.
Matha 22:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chualadar é, bhí iongnadh ortha, agus d’fhágadar é, agus d’imhthigheadar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala siad é, rinne siad iontas; agus dʼfhág siad é agus dʼimigh leo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar a chluinstin sin dóibh, bhí iongantas ortha; agus d’fhág siad é, agus d’imthigh leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na chluinsin so, do ghabh iongantus íad, agus ar sgur dhe, do imthigheadar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: dʼfhág siad é agus dʼimigh siad leo. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo. |
Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.
Agus níorbh fhéidir le h‐aon duine oiread agus focal do rádh g‐á fhreagairt, ná níor lámh aon duine ó’n lá sin amach ceist do chur air.
Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.
Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar.
óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh.
Agus do sháruigh ortha cur i gcoinnibh na h‐eagna agus i gcoinnibh an Spioraid le n‐ar labhair sé.
Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach.