Arís do chuir sé searbhóntaí eile chuca, níba mhó ’ná an chéad chuid: agus thugadar an íde chéadna ortha‐san.
Matha 21:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ’n‐a dhiaidh sin, do chuir sé chuca a mhac féin, g‐á rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé a mhac chucu ina dhiaidh sin, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht fá dheireadh chuir sé a mhac chuca, ag rádh: Béidh urraim acu do mo mhac. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fa dheireadh do chuir sé a mhac féin chuca, ag rádh, Do bhéaruid sías onóir dom mhac. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m’ mhac. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ An Bíobla Naofa 1981 Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ |
Arís do chuir sé searbhóntaí eile chuca, níba mhó ’ná an chéad chuid: agus thugadar an íde chéadna ortha‐san.
Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht.
agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.
Do bhí aige aon mhac amháin, ionmhain: agus do chuir sé eisean chuca sa deireadh mar an gcéadna, ’g‐a rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac.
Agus adubhairt tighearna an fhíonghuirt, Créad do‐ghéanad? Cuirfead mo mac ionmhain: b’fhéidir go dtiubhraid urraim dó‐san.
Ní fhaca aoinneach Dia ariamh; an t‐Aon‐Mhac atá i n‐ucht an Athar, do b’é d’fhoillsigh é.
Óir do ghrádhuigh Dia an saoghal chómh mór sin, go dtug sé a Aon‐Mhac féin, ionnas, gach duine creidfeadh ann, nach gcaillfidhe é, acht go mbéadh an bheatha shíorraidhe aige.