Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.
Matha 21:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar. Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin de thug siad mar fhreagra ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus dúirt sé leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair siad Íosa, agus dubhairt: Ní fhuil a fhios againn. Agus dubhairt seisean leo: Agus ní innsim-se díbh-se acht a oiread cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag tabhair freagara ar Iósa, a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios aguinn. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an túghdarrás ré a ndéanuim na neithesi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibh-se ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” An Bíobla Naofa 1981 Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” |
Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.
Agus ar maidin, Béidh droch‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargadh agus ag dorchú, Atá a fhios agaibh cionnas gné na spéire d’aithint; acht ní féidir libh cómharthaí na h‐aimsire d’aithint.
Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin.
Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort.
D’fhreagair an fear agus adubhairt sé leo, Nach iongantach an scéal é, nach eol daoibh cá h‐as dó, agus gur fhoscail sé mo shúile.
Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh;
Acht má tá ár soiscéal fá fholach, is ins an dream atá ag dul amugha atá sé fá fholach: