Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 19:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair, agus, Grádhuigh do chómharsa mar thú féin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair, agus gráigh do chomharsa mar thú féin.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair; agus grádhuigh do chómharsa mar thú féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Tabhair onóir do t’athair agus dod’ mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”

Féach an chaibidil



Matha 19:19
15 Tagairtí Cros  

Adubhairt an t‐ógánach leis, Do chóimhlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasbhaidh orm?


Agus atá an dara h‐aithne cosmhail léi, Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin.


Do‐chualabhar go ndubharthas, Béidh grádh agat dod’ chómharsain, agus fuath dod’ námhaid:


Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt. Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán; agus ód’ aigne go h‐iomlán; agus do chómharsa mar thú féin.


Óir na h‐aitheanta so, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gach aithne eile, atáid uile cómhairimhthe fá bhrigh an bhriathair seo, Grádhóchair do chómharsa mar grádhuighir thú féin.


Óir chóimhlíontar an dlighe uile i n‐aon fhocal amháin; Grádhóchair do chómharsa mar thú féin.


Acht má chóimhlíonann sibh an dlighe ríoghdha do réir na scrioptúra, Grádhóchair do chómharsa mar thú féin, atá sibh ag déanamh go maith: