Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.
Matha 15:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht tháinig sise, agus do shléacht sí dhó, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm! An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach tháinig sise go ndeachaigh ar a glúine roimhe, á rá, “A Thiarna, cuidigh liom.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht tháinic sise agus shléacht sí dó, ag rádh: A Thighearna, cuidigh liom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidheadh tháinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A Thighearna, foir orum. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach tháinig an bhean agus dʼfhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.” An Bíobla Naofa 1981 Ach tháinig an bhean agus d'fhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.” |
Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.
Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na ngadhar.
Agus do bhagair an sluagh ortha bheith ’n‐a dtost: acht do b’aoirde do ghlaodhadar amach, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócairé orainn.
Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.
Agus is minic do chaith sí san teinidh é agus san uisce, le n‐a mhilleadh: acht má’s féidir leat‐sa é, déan trócaire orainn, agus fóir orainn.
Agus ar an láthair do ghlaodh athair an bhuachalla, agus adubhairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaidh creidimh.