Matha 15:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nach dtuigeann sibh, cibé rud théigheas isteach sa mbéal, go dtéigheann sé isteach sa mbolg, agus go gcaithtear é sa gcamra. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nach dtuigeann sibh gur san ghoile a théid gach nídh dá dtéid isteach san bhéal, agus go gcaithtear amach san chamra é? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A ne nach dtuigthísi fósm giodh bé ní theid a sdeach ann sa mbéul, go dtéid se sa mbolg, agus go dteilgthear as sin don chamra é? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? An Bíobla Naofa 1981 An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? |
Acht na neithe thigeas amach as an mbéal, is as an gcroidhe thigeas siad; agus is iad‐san shaluigheas an duine.
mar nach dtéid sé isteach ’n‐a chroidhe, acht ’n‐a bholg, agus téid sé amach sa gcamra? ’g‐a chur i gcéill gur glan an uile shórt bidh.
Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal.
An biadh do’n bholg, agus an bolg do’n bhiadh; acht cuirfidh Dia deireadh leo araon. Anois ní le h‐aghaidh striapachais atá an cholann, acht le h‐aghaidh an Tighearna; agus atá an Tighearna le h‐aghaidh na colna.
Agus is teine an teanga: domhan na h‐éagcóra atá suidhte i measc ár mball is eadh an teanga, ag salú an chuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoghail tré theinidh, agus í d’á lasadh féin ó ifreann.