agus nuair nach bhfuaradar a chorp, thángadar, g‐á rádh go bhfacadar mar bhéadh taidhbhreadh aingeal adubhairt go raibh sé beo.
Matha 14:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do chonnaic a dheisceabail é, bhí scannradh ortha, agus adubhradar, Is taidhbhse atá ann; agus do ghlaodhadar amach le h‐eagla. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic siad é ag siubhal ar an mhúir, scannruigh siad, agus dubhairt: Is samhailt atá ann. Agus leig siad uaill astú le h-eagla. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. |
agus nuair nach bhfuaradar a chorp, thángadar, g‐á rádh go bhfacadar mar bhéadh taidhbhreadh aingeal adubhairt go raibh sé beo.
Acht do bhí scannradh agus crith‐eagla ortha, agus do shíleadar gur spioraid do chonnacadar.
agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh?
Agus adubhradar‐san léi, Ar míchéill atáir. Acht do lean sise g‐á rádh gurbh fhíor é. Agus adubhradar‐san, Is é a aingeal atá ann.
Agus nuair do chonnacas é, do thuiteas ag a chosaibh mar bhéinn marbh. Agus do leag seisean a lámh dheas orm, g‐á rádh, Ná bíodh aon eagla ort;