Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir, Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh; Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh;
Matha 13:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh; Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht: “Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta, nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt: Fosclóchaidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta; nochtfaidh mé neithe atá foluighthe ó thús an tsaoghail. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oisgéoluidh mé mo bhéul tré chosamhlachdaibh; nochdfuidh me neither a tá foluighthe ó thosach an domhain. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus sin mar a comh-líonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.” An Bíobla Naofa 1981 agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.” |
Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir, Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh; Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh;
Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl;
Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:
tháinig a dheisceabail chuige: agus d’fhoscail sé a bhéal, agus do theagaisc sé iad, g‐á rádh,
Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se.
A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain.
acht labhraimíd eagna Dé ’n‐a diamhar‐rún do bhí fá cheilt, d’órduigh Dia chum ár nglóire roimh thosach an tsaoghail;
nár foillsigheadh do chlannaibh daonna ins na h‐aoisibh eile, fá mar tá sé foillsighthe anois d’á naomh‐abstalaibh agus d’á naomh‐fháidhibh tríd an Spiorad:
agus a chur i dtuigsin cionnas mar dáileadh an rúindiamhair do bhí fá cheilt leis na ciantaibh i nDia do chruthuigh gach uile nidh;
Is iomdha modh agus slighe ’n‐ar labhair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaibh tré na fáidhibh,
Agus bhéarfaidh lucht áitreabha na talmhan adhradh dhó, gach duine nach bhfuil a ainmh scríobhtha i leabhar beathadh an Uain do h‐íodhbaradh ó bhunadh an domhain.
An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.