Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise.
Matha 10:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an té nach dtógann a chros agus nach leanann im’ dhiaidh‐se, ní fiú liom é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus an té nach dtógann a chrois air agus nach leanann mé ní fiú liom agam é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an té nach nglacann a chros, agus nach leanann mise, ní fiú mé é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an té nach nglacann a chros, agus nach leanann misi, ní fíu e misi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an t-é ná glacfaidh a chros agus mise do leanmhaint, ní’l sé maith a dhóithin dom. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbháil dom. An Bíobla Naofa 1981 agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. |
Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise.
Agus ag dul amach dhóibh fuaradar duine ó Churéné darbh ainm Síomón: do chuireadar d’fhiachaibh airsean dul i n‐éinfheacht leo, agus an chroch d’iomchar dó.
Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise.
Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.
Cibé duine nach n‐iomcharann a chros féin, agus nach leanann mise, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam.
Rugadar Íosa, d’á bhrigh sin: agus d’imthigh sé amach, ag iomchar a chroise dhó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Chloiginn, d’á ngoirthear Golgotá i nEabhrais: