agus nuair do bhí sé lán, do tarraingeadh é ar an gcladach; agus ar suidhe dhóibh, do bhailigh na daoine na h‐iascanna maithe i soithighibh, acht do chaitheadar uatha na droch‐iascanna.
Lúcás 9:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir caidé a thairbhe do dhuine an domhan mór do ghnóthú, agus a anam féin do chailleamhain nó do chur ar fán? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar cad é an tairbhe do dhuine an domhan uile a ghnóthú má thagann caill air nó má chailleann sé é féin? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cad é is feárrde duine, má ghnóthuigheann sé an domhan uilig, agus é féin a chailleamhaint agus a aimhleas féin a dhéanamh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír créd a tharbha do dhuine, dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile, agus go gcaillfeadh sé, nó go léigfeadh sé a mugha é féin? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? An Bíobla Naofa 1981 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? |
agus nuair do bhí sé lán, do tarraingeadh é ar an gcladach; agus ar suidhe dhóibh, do bhailigh na daoine na h‐iascanna maithe i soithighibh, acht do chaitheadar uatha na droch‐iascanna.
agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.
Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin?
Óir cad é an tairbhe do dhuine, dá ngnóthuigheadh sé an saoghal go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain?
(Is amhlaidh fuair an fear sin talamh le tuarastal a chuirptheachta; agus do thuit sé i ndiaidh a chinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéith a inní go léir amach.
leis an ionad do ghlacadh san tseirbhís agus san abstalacht so; ó n‐a ndeachaidh Iúdás amugha, chum go rachadh sé d’á áit féin.
ácht buailim mo cholann féin, agus cuirim fá smacht í, ar eagla, ar chor ar bith, go ndiúltóchaidhe dhom féin, thar a éis dom bheith ag seanmóiriú do dhaoinibh eile.
Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.