Lúcás 9:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé, Críost Dé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus dʼfhreagair Peadar, “Críost Dé.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Acht cé deir sibh-se is mé? D’fhreagair Síomon Peadar agus dubhairt: Críost Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision riú, Achd cred a deárthaoisi cía mé? agus ar bhfreagra do Pheadar a dubharit sé, Criosd Dé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Ach sibh-se, cé adeir sibh is mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Críost Dé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibh-se mé?” Agus dúirt Peadar dá fhreagairt: “Críost Dé.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.” |
Acht d’fhan Íosa ’n‐a thost. Agus adubhairt an t‐árd‐shagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé bhí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.
Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin?
Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe?
Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? D’fhreagair Peadar agus adubhairt sé leis, Is tusa an Críost.
g‐á rádh, Má’s tusa an Críost, innis dúinn é. Acht adubhairt seisean leo, Má innisim daoibh é, ní chreidfidh sibh mé:
Agus d’fhreagradar‐san, g‐á rádh, Eoin Baiste; acht adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐fháidhibh d’éirigh.
Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost).
D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.
Adubhairt sise leis, Creidim, A Thighearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do bhí le teacht ar an saoghal.
acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.
Tagaidh go bhfeicidh sibh fear d’innis damh‐sa gach a ndearnas riamh: an féidir gurb é an Críost é?
agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.
g‐á mhíniú agus g‐á áiteamh gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus éirghe ó na marbhaibh; agus gur ab é an t‐Íosa so, fhógraim‐se dhaoibh, an Críost.
Agus san tslighe dhóibh, thángadar mar a raibh uisce; agus adubhairt an coillteánach, Féach, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ bhaisteadh?
Acht is mó do bhí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdach do chómhnuigh i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á chrothú gur ab é sin an Críost.
Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.