Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 8:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba ansin a dʼiarr lucht limistéar na nGeraséanach dʼimpí air bheith ag imeacht uathu; mar bhí greim mór ag an eagla orthu; agus dá thairbhe sin chuaigh sé isteach arís sa bhád le filleadh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’iarr lucht cheanntar na nGeraisíní go léir air imtheacht uatha, óir ghabh eagla an-mhór iad. Agus ag dul isteach san luing dó-san phill sé thar ais.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus diárradar luchd chríche na Ngadarenach uile airsion imtheachd úatha; oír do bhí eagla ro mhór orrtha: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé an bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus an pobal uile i gceantar na nGeiriséanach, dʼiarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, dʼimigh sé ar ais.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.

Féach an chaibidil



Lúcás 8:37
16 Tagairtí Cros  

Agus féach, tháinig muinntear na cathrach go léir amach chum Íosa, agus nuair do chonnacadar é, d’iarradar air imtheacht as a ndúthaigh.


Agus do thosnuigheadar ar iarraidh d’impidhe air go n‐imtheochadh sé ar a ndúthaigh.


An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?


Agus d’innis siad‐san do chonnaic é cionnas mar slánuigheadh an duine ’n‐a raibh na deamhain.


Acht an fear as ar imthigh na deamhain, d’iarr sé d’impidhe air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair: acht do chuir sé uaidh é, g‐á rádh,


Agus cibé daoine nach nglacfaidh chuca sibh, ag imtheacht as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.


Agus d’imtigheadar go baile beag eile.


agus thángadar agus d’impidheadar ortha; agus tar a éis dóibh a dtabhairt amach, d’iarradar ortha imtheacht ó’n gcathair.