Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 8:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’impidheadar air gan a órdú dhóibh dul síos san aibhéis.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dʼiarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’iarr siad air gan é órdughadh a thabhairt dóibh dul isteach san aibhéis.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus diárradar air gan a chur dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus bhíodar ’ghá iarraidh air gan a dh’órdú dhóibh dul síos sa n-aibhéis.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.

Féach an chaibidil



Lúcás 8:31
14 Tagairtí Cros  

Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?


Agus do bhí tréad mór muc ag inbhear ar an sléibh: agus d’impidheadar air a leigint dóibh dul isteach ionnta.


nó, cia rachfas síos san aibhéis? (is ionann sin agus Críost do thabhairt aníos ó na marbhaibh).


Agus nuair bhéas a bhfiadhnaise críochnuighthe aca, an t‐ainmhidhe thig as an duibheagán, déanfaidh sé cogadh leo, agus buaidhfidh sé ortha, agus marbhóchaidh sé iad.


An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.


Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.


Atá aingeal an duibheagáin mar righ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEabhrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.