Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
Lúcás 7:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Mar tháinig Eoin Baiste a bhí gan arán a ithe ná fíon a ól, agus deir sibh, ‘Tá drochdheamhan ina chorp.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tháinic Eoin Baiste agus gan é ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: Tá deamhan ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é a bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’ An Bíobla Naofa 1981 “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’ |
Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige.
Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim, agus is é biadh d’itheadh sé lócaistí agus mil fhiadhain.
Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar.
Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol.
Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach!
Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis?
D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?
Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh.