Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Adeirim libh, Ar a rugadh ó mhnáibh ní fhuil aoinneach is mó ’ná Eoin; acht cheana an té is lugha i ríoghacht Dé is mó é ’ná eisean.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus tá mise ag insint daoibh nach raibh aon mhac ag aon mháthair riamh ba mhó ná Eoin; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir deirim libh: Ní fhuil ortha sin a rugadh ó mhná aon fháidh is mó ná Eoin Baiste; acht an té ar lugha é i ríoghacht Dé, is mó é ná eisean.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oir a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban faidh as mó ná Eóin Baisde: Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé as mó é na eisean.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Deirim libh é: Ar ar rugadh ó mhnáibh de dhaoinibh ní’l fáidh is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é ’ná eisean.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

“Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean.

Féach an chaibidil



Lúcás 7:28
13 Tagairtí Cros  

Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean.


Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea,


d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh:


Is é sin an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, cuirim mo theachtaire ar d’aghaidh amach, Agus réidhteochaidh sé do shlighe rómhat.


(Agus nuair do‐chuala na daoine go léir agus na poibleacáin an méid sin d’admhuigheadar fíréantacht Dé, d’á mbaisteadh féin le baisteadh Eoin.


agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige an leanbh beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ghlacfas mise chuige, glacann sé chuige an té do chuir uaidh mé: óir an té is lugha eadraibh uile, is é is mó.