Lúcás 22:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus cuirim ríoghacht i n‐áirithe dhaoibh, fá mar chuir m’Athair i n‐áirithe dhamh‐sa, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) mar a bhronn mʼAthair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus fágaim agaibh-se ríoghacht, fá mar a d’fhág m’Athair agam-sa, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsín órduighim dháoibhsi rioghachd, mar do órduigh Máthair féin damhsa; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus tá ríocht agam dá dáileadh oraibh, de réir mar a dháil mʼAthair orm féin í: An Bíobla Naofa 1981 agus tá ríocht agam á dáil oraibh, de réir mar dháil m'Athair orm féin í: |
Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna.
Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:
Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.
Is aoibhinn dóibh‐sean d’fhulaing géir‐leanamhain ar son fíréantachta; mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.
Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.
Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir is é toil bhúr nAthar an ríoghacht do thabhairt daoibh.
Agus adubhairt seisean leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith: ó do bhís dílis sa mbeagán, bíodh cumhacht agat ar dheich gcathrachaibh.
Agus gach duine théigheas san iomaidheacht cleachtann sé smacht do choimheád air féin ar gach slighe. Agus do‐ghní siad‐san sin chum coróin truaillighthe do bhuadhachtain; acht doghnímíd‐ne é chum coróin neamh‐thruaillighthe do bhuadhachtain.
agus is daingean an dóchas atá againn ’n‐bhur dtaobh, de chionn gur ab eol dúinn, fá mar tá sibh chómhpháirteach ins na piantaibh, go bhfaighidh sibh bhur gcuid féin de’n tsólás, leis.
má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:
Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?
Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.
Agus do bhí dhá fhotha déag fá’n gcathair, agus dhá ainm déag dhá abstal déag an Uain ortha.