Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 20:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; is iad gheobhas an daoir‐bhreith is truime.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

an dream a shlogas tithe na mbaintreach i gcraos bréagach na síorphaidreoireachta. Níl daorbhreith is troime ná an bhreith a thabharfar orthu siúd.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

A shlugas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighe fhada a dhéanamh. Gheobhaidh siad seo damnughadh níos truime.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an dainnadh is truime.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”

Féach an chaibidil



Lúcás 20:47
23 Tagairtí Cros  

Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


Is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrabhaidh! óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada dhaoibh: d’á bhrigh sin is troime‐de an breitheamhnas tiubharfar oraibh.


iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; do‐gheobhaid‐sean an breitheamhnas is truime.


Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.


Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh;


Agus ag féachain dó, do chonnaic sé na daoine saidhbhre agus iad ag cur a dtabhastas isteach sa gciste.


Óir, mar is eol daoibh féin é, níor bhaineamar feidhm ariamh as foclaibh plámáis, ná ní raibh sainnt fá chlóca againn, is é Dia ár bhfiadhnaidhe air;


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


Ná bíodh mórchuid díbh ’n‐bhur lucht teagaisc, a bhráithre, agus a fhios agaibh gur troime‐de an breitheamhnas gheobhaimíd d’á bhárr.