Agus cibé duine árdóchas é féin, ísleochar é; agus cibé duine ísleochas é féin, árdóchar é.
Lúcás 18:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim libh go ndeachaidh sé seo síos abhaile agus é fíréanuighthe de bhreis ar an duine eile: óir gach duine árdóchas é féin umhlóchar é, acht an té umhluigheas é féin árdóchar é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá mise á insint daoibh gur imigh an fear úd síos abhaile agus é ina fhíréan níos mó ná an fear eile; mar níl duine dá n‑ardaíonn é féin nach n‑ísleofar, ach an té a íslíos é féin is é a ardófar.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deirim libh: is é an fear seo a chuaidh abhaile fíréanta agus níorbh é an fear eile: óir gach aoinneach a árdhuigheas é féin, ísleochar é; agus an té a ísligheas é féin, árdóchar é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní hionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.” An Bíobla Naofa 1981 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.” |
Agus cibé duine árdóchas é féin, ísleochar é; agus cibé duine ísleochas é féin, árdóchar é.
Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.
Do leag sé lucht ceannais ó n‐a rí‐chathaoireachaibh, Agus d’árduigh sé lucht na h‐umhlaidheachta.
Óir an té árduigheas é féin, ísleochar é; agus an té ísligheas é féin, árdóchar é.
Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é.
óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh.
Acht do’n duine nach ndéanann obair, acht chreideas san té fhíréanuigheas an duine neimh‐dhiadha, áirmhthear a chreideamh‐san mar fhíréantacht.
D’á bhrigh sin, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré chreideamh, atá síothcháin againn le Dia tríd ár dTighearna Íosa Críost;
Cia h‐é chuirfeas cúis ar mhuinntir thoghtha Dé? Is é Dia fhíréanuigheas: cia h‐é dhaorfas?
acht gur ab eol dúinn nach bhfíréanuightear an duine tré oibreachaibh dlighe, acht amháin tré chreideamh i nÍosa Críost, do chreideamar féin i nÍosa Críost, chum go bhfíréanóchaidhe sinn tré chreideamh i gCríost, agus ní tré oibreachaibh dlighe: de bhrigh nach tré oibreachaibh dlighe fíréanochar feoil ar bith.
Déanaidh sibh féin d’uirísliú i bhfiadhnaise an Tighearna, agus árdóchaidh sé sibh.
Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.