Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 14:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar a chluinstin sin do dhuine áirithe a bhí ina shuidhe ag an tábla ina chuideachta, dubhairt sé leis: Is beannuighthe an té a íosas arán i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá raibh ar áonbhord ris na neithesi, a dubhairt sé ris, Is beannaighe an té itheas arán a bhflaitheas Dé.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nuair a dh’airigh duine d’á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do’n t-é a dh’íosfaidh arán i rígheacht De.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”

Féach an chaibidil



Lúcás 14:15
8 Tagairtí Cros  

Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras.


Agus adeirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n domhan thoir agus ó’n domhan thiar, agus go suidhfidh siad i bhfochair Abrachaim, agus Íosóig,


Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.


Agus tiocfaidh siad ó’n domhan thoir, agus ó’n domhan thiar, andeas agus adtuaidh, agus suidhfidh siad síos i ríoghacht Dé.


óir adeirim libh, Ní íosfad é, nó go gcóimhlíontar é i ríoghacht Dé.


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus adubhairt sé liom, Scríobh, Is beannuighthe na daoine fuair cuireadh chum suipéir bainse an Uain. Agus adubhairt sé liom, Briathra fírinneacha Dé is eadh iad so.