A dhaoine gan chiall, an té do‐rinne an taobh amuigh, nach ndearna sé an taobh istigh mar an gcéadna?
Lúcás 12:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar dʼanam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt Dia leis: A amadáin, anocht féin táthar ag iarraidh d’anama ort; agus cé aige a mbéidh na neithe a sholáthruigh tú? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun dʼanam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ |
A dhaoine gan chiall, an té do‐rinne an taobh amuigh, nach ndearna sé an taobh istigh mar an gcéadna?
Nuair adeir na daoine, Síothcháin agus neamh‐bhaoghal, annsin is eadh thig léirscrios obann ortha, mar thagann a pianta ar mhnaoi atá ag iomchar clainne; agus ní rachaidh siad slán as.
Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta:
óir ní thugamar rud ar bith isteach san tsaoghal, agus ní fhéadaimíd rud ar bith do bhreith linn as;
agus gan a fhios agaibh créad atá i ndán daoibh i mbárach. Óir cad é bhur saoghal? Is scamall sibh, bhíos le feicsin ar feadh tamaill, agus théid as annsin.