Agus adubhairt duine de’n tsluagh leis, A Mháighistir, abair lem’ dhearbhráthair an oighreacht do roinnt liom.
Lúcás 12:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leis, A dhuine, cia cheap mise chum bheith im’ bhreitheamh nó im’ mholtóir ós bhúr gcionn? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt seisean leis: A dhuine, cé thogh mise mo bhreitheamh nó mo roinnteoir oraibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt séision ris, A dhuine, cia chur misi ós bhur gcionn am bhreitheamh nó am rannadóir? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am’ breitheamh ná am’ rainneadóir os bhúr gcionn? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun a bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?” An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?” |
Agus adubhairt duine de’n tsluagh leis, A Mháighistir, abair lem’ dhearbhráthair an oighreacht do roinnt liom.
Agus tar éis tamaill bhig do chonnaic duine eile é, agus adubhairt, Is díobh súd thusa, leis. Acht adubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh mise.
Agus nuair do chonnaic sé a gcreideamh, adubhairt sé. A dhuine, athá do pheacaidhe maithte dhuit.
Ar n‐a fheicsin d’Íosa, ámh, go rabhadar ar tí teacht, agus breith air le h‐éigean, chum rí do dhéanamh dhe, d’imthigh sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc.
Adubhairt sise, Níor dhaor, a Thighearna. Agus adubhairt Íosa, Ní mó dhaoraim‐se thú: imthigh, agus ná déan aon pheacadh arís.]
D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin.
Agus an measann tú, a dhuine, do‐bheir breith ar an dream chleachtas a leithéidí, agus tú féin g‐á ndéanamh, go n‐éileochaidh tú ó bhreitheamhnas Dé?
Ar an taobh eile dhe, cia thusa, a dhuine, atá ag bréagnú Dé? An nidh atá cumtha, an n‐abróchaidh sé leis an té do chum é, Cad chuige a ndearnais san tslighe seo mé?