An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é.
Lúcás 11:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Aoinneach a lasas lampa, ní chuireann sé i bhfolach é ná faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir ionnas go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfidh na daoine a thagann isteach an tsoilse. An Bíobla Naofa 1981 “Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse. |
An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é.
D’fhreagair Íosa, Nach bhfuil dhá uair déag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní baintear tuisleadh as, óir do‐chí sé solas an tsaoghail seo.
Tháinig mé mar sholas ar an saoghal, ionnas cibé chreideas ionnam, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.