Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
Lúcás 11:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt cuid acu: Teilgeann sé amach na deamhain tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.” An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.” |
Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
Annsin tugadh chuige duine ’n‐a raibh deamhan, agus é dall, bodhar: agus do leigheas sé é, ionnas gur labhair an balbhán, agus go raibh radharc aige.
Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.
Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.
Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis?
D’fhreagair an sluagh agus adubhradar, Deamhan atá ionnat: cia atá ag iarraidh thú do mharbhadh?
D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?
Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh.