Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.
Lúcás 1:63 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’iarr sé taibhléad scríobhnóireachta, agus do scríobh sé, Eoin is ainm dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼiarr sé táibhléad scríofa, gur scríobh, “Eoin is ea an t‑ainm atá air.” Agus bʼiontach leo uile é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag iarraidh clár scríobhtha dó, scríobh sé, ag rádh: Is é Eoin a ainm. Agus bhí iongantas ortha uilig. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé: Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dʼiarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is é Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de. An Bíobla Naofa 1981 Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de. |
Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.
Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air.
Acht d’fhreagair a mháthair, agus adubhairt sí. Ní h‐eadh, acht Eoin glaodhfar air.