Agus nuair tháinig sé amach, níor fhéad sé labhairt leo; agus do bhí a fhios aca go bhfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanamh cómhartha dhóibh, agus d’fhan sé balbh.
Lúcás 1:62 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigheadar d’á athair le cómharthaibh cia an t‐ainm ba mhaith leis do ghlaodhach air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd iad ag déanamh comharthaí leis an athair, ag fiafraí de-sean cad é an t‑ainm ab fhearr leis air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rinne siad cómhartha dá athair, cad é ba mhian leis go dtabharfaidhe air mar ainm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinneadar comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do bhagradar ar a athair cad é an ainim ba mhaith leis a tabharfaí ar an leanbh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dʼfhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. An Bíobla Naofa 1981 Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. |
Agus nuair tháinig sé amach, níor fhéad sé labhairt leo; agus do bhí a fhios aca go bhfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanamh cómhartha dhóibh, agus d’fhan sé balbh.
Agus adubhradar léi, Ní fhuil aon duine ded’ ghaoltaibh‐se go bhfuil an t‐anim sin air.