Óir atá croidhe an phobail seo dúr, Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad.
A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:
Óir ní finn‐scéalta fighte go cliste do leanamar nuair chuireamar i bhfios daoibh cumhacht agus teacht ár dTighearna Íosa Críost, acht is amhlaidh chonnacamar a mhórdhacht le n‐ár súilibh féin.