Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.
Matha 28:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a chonaic siad é, thug siad adhradh dó; ach bhí cuid acu in amhras. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar a fheiceáil dóibh, thug siad adhradh dó; acht bhí amhras ar chuid acu. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chonncadar é, do onóruigheadar é: achd do bhi amharus ag cuid dióbh air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus ar a fheiceáil dóibh dʼumhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. An Bíobla Naofa 1981 agus ar a fheiceáil dóibh d'umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. |
Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.
Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.
Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal.
Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.
Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.
I dtreó go dtabharfadh gach aoinne onóir do’n Mhac, fé mar a thugaid siad onóir do’n Athair; an t-é ná tugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh an Mac.
Agus tar éis é féin a thaisbeáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán deasbhuithe, i gcaitheamh dachad lá, ’ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt leó ar rígheacht Dé.