Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.
Matha 27:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh agus chuireadar as chrannaibh mo chuid éadaigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí sé curtha acu ar chrann a chéasta, chaith siad crann ar a éadaí á roinnt eatarthu féin; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i ndiaidh é a bheith céasta acu, roinn siad a chuid éadaigh eatortha, ag caitheamh crann ortha; ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt: Roinn siad mo chuid éadaigh eatortha, agus ar mo chulaith chaith siad crainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do chéasadar é, do roinneadar a chuid éadaighe eadortha, g‐á gcur ar crannaibh: agus do shuidheadar ag faire air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn, An Bíobla Naofa 1981 Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn, |
Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.
Agus nuair adubhairt sé an focal san do thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus bhí áthas mór ar na deisgiobulaibh toisg go bhfeacadar an Tighearna.
Agus d’á bhrígh, sin, dubhairt na deisgiobuil eile leis: Chonacamair an Tighearna. Ach dubhairt seisean leó: Mura bhfeicead i n-a dhearnachaibh rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo mhéar isteach i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo lámh isteach ’n-a thaobh, ní chreidfead é.
Ansan deir sé le Tomás: Cuir do mhéar anso isteach agus féach mo dhearnacha, agus sin anso do lámh, agus cuir isteach am’ thaobh í; agus ná bhí díchreideamhach, ach bhí creideamhach.
Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.
Bíod ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go léir, gur i n-ainim ár dTighearna Íosa Críost ó Nasaret, an t-é a chuireabhairse chun bháis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n-a sheasamh os bhúr gcómhair ’n-a shláinte.