Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.
Matha 27:31 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é cun é chéasadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i ndiaidh magadh a dhéanamh faoi, bhain siad an fhallaing de, agus chuir air a chuid éadaigh féin, agus rug leo chun a chéasta é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí an magadh déanta aca, do bhaineadar an brat de, agus do chuireadar a chuid éadaighe féin air, agus do threoruigheadar amach é chum a chéasta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta. An Bíobla Naofa 1981 Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta. |
Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.
Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é.
Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.
Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís uime, agus do rugadar leó é chun é céasad.
Ansan do thug sé suas dóibh é le céasadh. Agus thógadar Íosa, agus do rugadar leó amach é.
Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féach do mháthair. Agus ó’n uair sin amach do ghlac an deisgiobul chun a theaghlaigh féin í.
Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophan agus é ag glaodha ar Dhia, agus: A Thighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé.