Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 27:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus bhain siad na héadaí de agus chuir siad róba craorag air,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus bhain siad a chuid éadaigh féin de, agus chuir siad fallaing dhearg fá dtaoibh de,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do bhaineadar na h‐éadaighe dhe, agus do chuireadar brat corcra air.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do nochdadar é, agus do chuireadar brat córcra uime.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é:

Féach an chaibidil



Matha 27:28
4 Tagairtí Cros  

Agus chuireadar brat corcra uime agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í;


Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é.