Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 25:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’fhreagair a thighearna é, agus dubhairt leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa n-áit nár dheineas sgaipeadh ann.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach dʼfhreagair a mháistir é, ‘A fheidhmeannaigh fhalsa, fhealltaigh! Bʼfheasach duit go mbímse ag baint san áit nár chroith mé síol agus go mbím ag cruinniú san áit nár bhuail mé arbhar.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt a thighearna leis, ghá fhréagairt: A dhroch-sheirbhísigh leisceamhail, bhí a fhios agat go mbainim san áit nach gcuirim, agus go gcruinnighim san áit nár scaip mé:

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht d’fhreagair a thighearna agus adubhairt sé leis, A dhroch‐shearbhónta dhíomhaoin, do bhí a fhios agat go mbainim i n‐áit nár chuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár cháitheas;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar bhfreagra dhá thighearna, a dubhairt sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidhe fhallsa, do bhí a fhios agad go mbeanuimsi ann sa náit nach ndearna mé siólchur, agus go gcruinnighim ann sa náith nar leathnuigh mé:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt a mháistir leis dá fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh:

Féach an chaibidil



Matha 25:26
6 Tagairtí Cros  

Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu ’ghá iarraidh orm;


Agus do leath mórán de’n tsluagh a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na crainn agus do leathadar iad ar an slígh;


Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; bhaineann tú sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis.


Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat.


Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t-úncumas.