Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air.
Matha 25:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó agam. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus an té a raibh dhá thallann aige, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, thug tú dhá thallann dom; seo an dá thallann bhreise atá gnóthaithe agam.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic an té a fuair an dá thalann fosta, agus dubhairt: A thighearna, thug tú dhá thalann damh, féach, ghnóthuigh mé dhá chionn eile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an té fuair an dá thallainn, tháinig sé agus adubhairt A thighearna, thugais dhá thallainn dom: féach atá dhá thallainn eile gnóthuighthe agam. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar dteachd chuige don té úd fúair an dá thallann thug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé dhá thallann eile léo. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘dʼfhág tú dhá thallann ar iontaoibh agam-sa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’ An Bíobla Naofa 1981 Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’ |
Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air.
Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh ceannaidheachta go dtagad.