Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire?
Matha 25:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dubhairt a thighearna leis: Maith thú, a sheirbhísigh mhaith, dhílis, de bhrígh go raibh tú dílis ós cionn an bheagáin, cuirfidh mé ós cionn an mhóráin thú: gabh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’ An Bíobla Naofa 1981 Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ |
Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire?
Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna.
Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.
An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis.
Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó.
Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh, táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann, leis.
A Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an áit i n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an glóire a thugais-se dhom, mas gur thugais grádh dhom roimh cruithniú an domhain.