Óir sa n-aireirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h-aingealaibh Dé ar neamh.
Matha 24:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir mar a bhíodh siad ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, ins na laethe roimh an dílinn, go dtí an lá ina ndeachaidh Naoi isteach san airc, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir, fá mar bhíodar ins na laethibh roimh an dílinn, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san airc, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, An Bíobla Naofa 1981 Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, |
Óir sa n-aireirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h-aingealaibh Dé ar neamh.
Agus déarfaidh mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas.
Ach má deir an seirbhíseach san, ’n-a chroidhe féin, Tá mo Thighearna abhfad gan teacht; agus má chromann sé ar na buachaillí agus na cailíní do bhualadh, agus ar ithe agus ar ól agus ar mheisgeóireacht:
Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh.