Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht.
Matha 23:37 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Nach minic ba thoil liomsa do chlannsa a chruinniú mar chruinníonn an chearc a hál faoi scáth a sciathán, agus níor thoil libhse é! Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara A Ierusalem, a Ierusalem, a mharbhas na fáidhe, agus a ghabhas do chlocha ionnta sin a cuireadh chugat, cad é a mhinicighe a ba mhian liom do chlann a chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus dhiúltuigh tú. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A Iérusaléim, A Iérusaléim, mharbhus na fáidhe, agus ghabhus do chlochuibh ar an luchd chuirthear a ttíonsaidh, créd a mhiónca do budh áill leam do chlann do chruinníughadh re cheile, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fa na sgiathánaibh, agus níor bháill leachd! An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus nárbh áil leat-sa! An Bíobla Naofa 1981 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh! |
Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht.
Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad.
Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh.
D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe.
Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.
Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air.