A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal.
Matha 23:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) A phéisteanna, a áil nathracha nimhe, conas a éalóidh sibh ó dhaoradh chun ifrinn? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara A phiasta, a shliocht naithreach nimhe, cad é mar sheachnóchas sibh-se breitheamhnas ifrinn? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith Ifrinn? An Bíobla Naofa 1981 “A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn? |
A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal.
Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?
Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.
Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht?
Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.