Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais.
Matha 23:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bíonn cuma na fíréantachta oraibhse mar sin ar an taobh amuigh os comhair na ndaoine, ach ar an taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus den éagóir. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Mar an gcéadna amharcann sibh-se fíréanta i súla daoine de’n taoibh amuigh: acht taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráibhtheacht agus d’urchóid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Mar sin daoibh‐se: bíonn cuma na fíréantachta oraibh i bhfiadhnaise na ndaoine, acht bíonn sibh istigh lán d’fhuar‐chrábhadh agus de chuirptheacht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 sibh-se mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine a bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus dʼolcas. An Bíobla Naofa 1981 Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d'olcas. |
Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais.
Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh:
Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.
Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.