Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 21:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad ina n‑intinn féin, ‘Is é seo an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é ionas go mbeidh a oidhreacht againne.’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht nuair a chonnaic na feirmeoirí an mac, dubhairt siad eatortha féin: Is é seo an t-oighre; Taraigidh, marbhamaois é, agus béidh a oighreacht againn.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

Féach an chaibidil



Matha 21:38
16 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saothruighthe go nglacfaidís an toradh dhó.


Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m’ mhac.


Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é.


Ach nuair a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh, agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é i dtreó go mbeidh an oighreacht againn.