Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh.
Matha 20:31 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí an tsluagh ’ghá gcosg, go n-éistfidís. Ach sin mar a b’aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhagair an sluagh ortha a bheith ina dtost. Acht is amhlaidh a ba mhó a scairt siad-san, ag rádh: A Thighearna, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhagair an sluagh ortha bheith ’n‐a dtost: acht do b’aoirde do ghlaodhadar amach, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócairé orainn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do spreagadar an slúagh íad, do chum go gcoisgfidís: acd cheana is móide do eíghmheadarsan sin, ag rádh, Déana trócaire oruinn, a Thighearna, a Mhic Dhábhí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhagair an slua orthu a bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” An Bíobla Naofa 1981 Bhagair an slua orthu bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!” |
Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh.
Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil ghá gcosg.
Agus féach, bhí beirt dall ’n-a suidhe i n-aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid.
Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh?
Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.
Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm.