Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir.
Matha 18:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is amhlaidh a dhéanfas mʼAthair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is mar seo mar an gcéadna a dhéanfas m’Athair neamhdha libh-se, muna maithidh sibh, gach duine agaibh dá bhráthair, ó bhur gcroidhthe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is mar sin dhéanfas m’Athair neamhdha dhaoibh‐se, muna maithfidh gach aon duine agaibh d’á bhráthair ó chroidhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sin é freisin mar a dhéanfaidh mʼAthair neamhaí libh-se mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.” An Bíobla Naofa 1981 Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.” |
Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir.
Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh.
Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.
Agus mura maithfidh sibh-se, ní lúgha ’ná mar a mhaithfidh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.
Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.