Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 18:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus má fhaigheann sé í, go fírinneach insím daoibh gur mó a lúcháir fúithi ná a lúcháir faoina nócha a naoi nach ndeachaigh ar seachrán uaidh riamh.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus má thárluigheann go bhfaghann sé í, amén adeirim libh, gur mó an lúthgháir a bhíos air mar gheall uirthí sin ná mar gheall ar an naoi gcinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh ar seachrán.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus má éirigheann leis a fágháil, go fírinneach adeirim libh, gur mó an t‐áthas atá air mar gheall uirthi‐se ’ná atá air mar gheall ar na naoi geinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh amugha.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú.

Féach an chaibidil



Matha 18:13
14 Tagairtí Cros  

Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú?


Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san.