Matha 14:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a dh’aithin muintir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a dʼaithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a fuair fir na h-áite sin aithne air, chuir siad scéala amach fríd an cheanntar sin uilig, agus thug siad chuige na h-easláin go léir. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair d’aithnigh muinntear na h‐áite sin é, do chuireadar fios ar fud na dúithche sin ar fad, agus thugadar chuige gach a raibh breoite; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do aithnidheadar luchd na háitesin é, do chuireadar fios air feadh na tíresin uile ar gach táobh dhíobh, agus tugadar gach a raibh easlán chuige; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a dʼaithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, An Bíobla Naofa 1981 Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, |
Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.
Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, an thochtaibh, chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith;
Agus d’aithin sí guth Peadair, agus le méid an áthais a bhí uirthi níos osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus d’innis sí go raibh Peadar ag an ndorus.
Agus d’aithníghdar é, gur bh’é an fear é a bhíodh ’n-a shuidhe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bhíodar lán d’iongna agus d’alltacht i dtaobh ar thárla dhó.